The Summit in Howth

Aoibhinn bheith i mBinn Éadair

This is a very old poem singing the praises of
Howth (Beann Éadair) near Dublin

.

Aoibhinn bheith i mBinn Éadair,

    fírbhinn bheith ós a bánmhuir,

cnoc lánmhar longmhar líonmhar,

    beann fhíonmhar fhonnmhar ághmar.

.

Beann i mbíodh Fionn is Fianna,

    beann i mbíodh cuirn is cuacha,

beann i rug ua Duinn dána

    lá Gráinne de rinn ruage.

.

Beann tomghlas seach gach tulach

    's a mullach comhghlas corrach,

cnoc lannach creamhach crannach,

    beann bhallach mhíolach mhongach.

.

Beann is áille ós úir Éireann,

    glébheann ós fhairrge fhaoileann,

a tréigean is céim cráidh liom,

    Beann álainn Éadair aoibhinn.

.

Iona


Go to main Irish page